Tá áit lárnach ag an Ghaeilge agus ag an chultúr Gaelach i saol na scoile agus cuirtear oideachais ar ardchaighdeán trí mheán na Gaeilge ar fáil do na páistí uilig. Mar scoil Ghaeltachta, lán-tumtha, múintear na hábhair uile trí mheán na Gaeilge, seachas an Béarla. Bhain muid aitheantas oifigiúil amach mar scoil Ghaeltachta in 2024, rud a léiríonn ár dtiomantas leanúnach don sár-mhaitheas san oideachas Gaeilge. Is muid an t-aon scoil ghaeltachta sa cheantar seo rud atá muid thar a bheith bródúil as.
Buntaistí an tumoideachas
Léiríonn taighde náisiúnta agus idirnáisiúnta go mbaineann go leor buntáistí suntasacha leis an chóras tumoideachais Gaeilge. Cuimsíonn na tairbhí seo réimsí éagsúla:
Gnóthachtáil Oideachais:
Baintear amach gnóthachtáil níos airde sa Bhéarla agus sa mhata araon i scoileanna lán-Ghaeilge i gcomparáid le scoileanna meán-Bhéarla.Bíonn seo suntasach inár scoil gach bliain agus muid ag déanamh na scrúdaithe caighdeánaithe. Cuirtear curaclam níos leithne ar fáili scoileanna ghaeltachta chomh maith.
Buntáistí Cognaíocha
Bíonn leibhéil níos fearr ag páistí i scileanna cuimhne, aird, agus díriú ar thascanna. Éiríonn leo smaoineamh ar bhealaí níos cruthaithí. Taispeánann taighde gur féidir le dátheangachas moill suas le ceithre bliana a chur ar ghalar Alzheimer.
Líofacht agus Litearthacht Teanga
Forbraíonn páistí líofacht agus litearthacht sa dá theanga. Ciallaíonn seo go bhfuil sé níos fusa dóibh teangacha eile a fhoghlaim mar gheall ar na scileanna litearthachta inaistrithe a fhaigheann siad, chomh maith le tuiscint níos fearr ar bhunchlocha teanga cosúil le gramadach.
Scileanna Cumarsáide agus Cultúir
Bíonn scileanna éisteachta agus cumarsáide níos éifeachtaí ag páistí i scoileanna ghaeltachta, chomh maith le tuiscint níos fearr ar dhaoine eile. Cothaítear ilchultúrachas níos doimhne agus bíonn níos lú ciníochais i measc na bpáistí, agus níos mó meas acu ar chultúir éagsúla.
Muinín agus Féiniúlacht
Forbraíonn páistí tuiscint níos fearr ar a bhféiniúlacht féin agus bíonn féinmheas níos mó acu dá bharr.
The Irish language and culture are at the heart of daily life in our school. We provide a high-quality Irish-medium education to all our pupils, fostering a strong love and respect for our language and heritage. As a fully immersive Gaeltacht school, all subjects are taught through Irish, with the sole exception of English. We proudly achieved official recognition as a Gaeltacht school in 2024, reflecting our ongoing commitment to excellence in Irish-language education. We are the only Galetacht school in this area, something which we are very proud of.
Benefits of Immersion Education
National and international research shows that the Irish immersion education system has many significant benefits. These benefits cover various areas:
Educational Achievement
Higher achievement is reached in both English and maths in Irish-medium schools compared to English-medium schools.This is clearly evident in our end of year standardised test results. A broader curriculum is also more likely to be provided in gaeltacht schools.
Cognitive Benefits
Children have better levels in memory skills, attention, and focusing on tasks. They manage to think in more creative ways. Research shows that bilingualism can delay Alzheimer’s disease by up to four years.
Language Fluency and Literacy
Children develop fluency and literacy in both Irish and English. It becomes easier for them to learn other languages because of the transferable literacy skills they acquire, as well as a better understanding of language foundations like grammar.
Communication Skills and Culture
They have more effective listening and communication skills, as well as a better understanding of other people. Deeper multiculturalism is fostered and there is less racism among children, and more respect for diverse cultures.
Confidence and Identity
Children develop a better understanding of their own identity and have more self-esteem as a result.