fáiltiú an phríomhoide

Principal's Welcome

Mar Phríomhoide Scoil an Aingil Choimhéadaí, agus thar ceann ár mBord Bainistíochta, ár bhfoireann dhíograiseach, ár ndaltaí agus ár dtuismitheoirí, is mór an pléisiúr dom fáilte chroíúil a chur romhaibh chuig suíomh gréasáin nua na scoile.

Is bunscoil Ghaeltachta í Scoil an Aingil Choimhéadaí le heiteas Caitliceach, agus táimid an-bhródúil as freastal ar pháistí ár bpobail áitiúil agus na gceantar thart orainn. Cé go bhfuil an Ghaeilge agus ár dtraidisiún Caitliceach i gcroílár shaol na scoile, cuirimid fáilte mhór roimh pháistí de gach náisiúntacht, cultúr agus creideamh, rud a léiríonn éagsúlacht shaibhir an domhain ina bhfuil ár ndaltaí ag fás aníos.

Tá tiomantas láidir i gcroílár na scoile seo timpeallacht foghlama shábháilte, shona agus chothaitheach a chur ar fáil, áit a mothaíonn gach páiste go bhfuil meas, luach agus tacaíocht acu. Creidimid go bhfoghlaimíonn páistí is fearr nuair a mhothaíonn siad muiníneach agus slán, agus déanaimid ár ndícheall a chinntiú gur áit í Scoil an Aingil Choimhéadaí ina bhforbraíonn daltaí féinmheas láidir, mothú muintearais agus bród ina bpobal.

Aithnítear láidreachtaí aonair agus buanna uathúla gach páiste, agus tá sé mar aidhm againn cuidiú le gach dalta a mbarrchumas acadúil agus phearsanta a bhaint amach. Tá cur chuige iomlánaíoch againn i leith an oideachais, ag cothú ní hamháin gnóthachtáil acadúil ach cruthaitheacht, muinín agus folláine chomh maith. In éineacht leis an churaclam bunscoile, cuireann ár bhfoireann thiomanta deiseanna ar fáil i réimse gníomhaíochtaí seach-churaclaim, lena n-áirítear ceol, CLG, drámaíocht agus damhsa, chun taithí scoile iomlán shaibhir a chinntiú do na páistí.

Tá ár dteanga dhúchais lárnach i ngach gné de shaol na scoile. Táimid an-bhródúil go bhfágann gach dalta ár scoil dátheangach, beag beann ar an teanga a labhraítear sa bhaile. Is bronntanas é an bonn láidir seo sa Ghaeilge a thacaíonn le foghlaim ar feadh an tsaoil agus le féiniúlacht chultúrtha.

Aithnímid agus cuirimid luach mór ar ról fíorthábhachtach na dtuismitheoirí agus na gcaomhnóirí mar phríomh-oideachasóirí a bpáistí. Tá polasaí dorais oscailte i Scoil an Aingil Choimhéadaí le blianta fada, agus feicimid tuismitheoirí mar chomhpháirtithe fíora i saol na scoile. Tá cumarsáid oscailte, mheasúil agus dhearfach idir an fhoireann, tuismitheoirí agus bainistíocht lárnach i ngach rud a dhéanaimid. Úsáidimid ríomhphost agus Facebook chun teaghlaigh a choinneáil ar an eolas, agus bím i gcónaí sásta bualadh le tuismitheoirí agus caomhnóirí le haon ghné de shaol na scoile a phlé.

Is fianaise láidir ar an chaidreamh muiníneach baile–scoile atá tógtha agus cothaithe againn thar na glúnta é an fíoras go bhfuil go leor dár dtuismitheoirí reatha — agus fiú seantuismitheoirí — ina n-iar-dhaltaí de chuid Scoil an Aingil Choimhéadaí. Is mór againn na naisc dhomhain phobail seo agus táimid tiomanta iad a neartú de réir mar a ghluaiseann muid ar aghaidh le chéile.

Tá súil againn go dtabharfaidh an suíomh gréasáin seo fíor-thuiscint daoibh ar ár scoil, , na luachanna agus na hardchaighdeáin a shainíonn Scoil an Aingil Choimhéadaí, agus go mbeidh sé ina thaca agus ina fhoinse eolais do theaghlaigh reatha agus ionchasacha araon. Bheadh lúcháir mhór orainn fáilte a chur romhaibh féin agus roimh bhur bpáiste isteach inár bpobal scoile. Scoil bheag le croí mór!

Le dea ghuí,

Anne Marie Ní Icí

As Principal of Scoil an Aingil Choimhéadaí, and on behalf of our Board of Management, dedicated staff, pupils and parents, I am delighted to welcome you to our new school website.

Scoil an Aingil Choimhéadaí is a Gaeltacht primary school with a Catholic ethos, proudly serving the children of our local community and surrounding areas. While our Irish language and Catholic tradition are central to school life, we warmly welcome children of all nationalities, cultures, and religious beliefs, reflecting the rich diversity of the world our pupils are growing up in.

At the heart of our school is a commitment to providing a safe, happy, and nurturing learning environment, where every child feels valued, respected, and supported. We believe that children learn best when they feel confident and secure, and we work hard to ensure that Scoil an Aingil Choimhéadaí is a place where pupils develop a strong sense of self-worth, belonging, and pride in their community.
Each child is recognised for their individual strengths and unique talents, and we aim to help every pupil reach their full academic and personal potential.

Our approach to education is holistic, nurturing not only academic achievement but also creativity, confidence, and wellbeing. Alongside the primary curriculum, our committed staff provide opportunities in a range of extracurricular activities, including music, GAA, drama, and dancing, ensuring a well-rounded and enriching school experience.

Our native language is central to every aspect of school life. We are very proud that every pupil leaves our school bilingual, regardless of the language spoken at home.e. This strong foundation in Irish is a gift that supports lifelong learning and cultural identity.
We recognise and deeply value the vital role of parents and guardians as the primary educators of their children.

Scoil an Aingil Choimhéadaí has a long-standing open-door policy, and we see parents as true partners in school life. Open, respectful, and positive communication between staff, parents, and management is central to everything we do. We use email and Facebook to keep families informed, and I am always happy to meet with parents and guardians to discuss any aspect of school life.

The fact that many of our current parents—and even grandparents—are past pupils of Scoil an Aingil Choimhéadaí is a testament to the strong, trusting home–school relationship we have built and maintained over generations. These deep community connections are something we cherish and are committed to strengthening as we move forward together.

We hope that this new website will give you a true sense of the warmth, values, and high standards that define Scoil an Aingil Choimhéadaí, and that it will support and inform both current and prospective families. We would be delighted to welcome you and your child into our school community. Scoil bheag le croí mór!

Le gach dea-ghuí,
Anne Marie